Ráitis airgeadais sheachtainiúla
Foilsítear ráitis airgeadais sheachtainiúla an Eurochórais ar an Máirt agus baineann siad leis an Aoine roimhe sin.
Eisceachtaí ó na dátaí foilseacháin
De ghnáth is ar an gCéadaoin a fhoilsítear an chéad ráiteas airgeadais do gach ráithe (seachas Dé Máirt) ionas go mbeidh níos mó ama ann chun an athluacháil ar shócmhainní agus ar dhliteanais a chur i gcrích, rud a léirítear sa ráiteas sin.
Nuair a bhíonn córas TARGET dúnta agus nuair nach dáta socrúcháin é an lá sin dá bharr d’idirbhearta margaidh airgid euro ná d’idirbhearta airgeadraí eachtracha in euro, cinntear gur lá gan ghnó de chuid an Eurochórais é an lá sin ó thaobh tuairisciú airgeadais de. Má bhíonn laethanta gan gnó sa bhreis ann le linn na tréimhse ina n-ullmhaítear na ráitis sheachtainiúla, cuirtear síneadh leis an tréimhse sin dá réir.
Dátaí foilseacháin in 2026 arb eisceachtaí iad ón riail ghinearálta:
| Stádas | Seachtain | Dáta tuairiscithe | Dáta foilsithe | Lá na seachtaine | Cúis |
|---|---|---|---|---|---|
Ráiteas airgeadais ráithiúil | Seachtain 1 | 31 Nollaig 2025 | 7 Eanáir 2026 | Dé Céadaoin | An chéad ráiteas airgeadais den ráithe |
Ráiteas airgeadais ráithiúil | Seachtain 14 | 3 Aibreán 2026 | 9 Aibreán 2026 | Déardaoin | An chéad ráiteas airgeadais den ráithe Lá Dúnta TARGET: Luan Cásca |
Ráiteas airgeadais ráithiúil | Seachtain 27 | 3 Iúil 2026 | 8 Iúil 2026 | Dé Céadaoin | An chéad ráiteas airgeadais den ráithe |
| Ráiteas airgeadais ráithiúil | Seachtain 40 | 2 Deireadh Fómhair 2026 | 7 Deireadh Fómhair 2026 | Dé Céadaoin | An chéad ráiteas airgeadais den ráithe |